Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Acht cheana caithfead bheith ag gluaiseacht rómham indiu, agus amárach agus arbhu amárach: óir ní féidir go bhfaigheadh fáidh bás taobh amuigh de Iarúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Ach ní fhágann sin nach siúlfaidh mé mo shlí inniu agus amárach agus amanathar; mar níl sé ceadaithe dʼfháidh bás a fháil in aon áit ach in Iarúsailéim.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Cidheadh, is éigean damh siubhal indiu agus i mbárach agus i n-órthar, óir ní féidir do fháidh bás d’fhagháil taobh amuigh de Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Achd cheana is éigin damh a niu, agus a márach, agus a noirrthíor a bheith ag siubhal: oír ní héidir fáigh bás fagháil táobh amuich do Iárusalém.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Ach cheana, ní foláir dom bheith ag siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní dual fáidh d’fhághail bháis lasmuigh d’Ierúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Agus ní foláir dom a bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir níor chuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Agus ní foláir dom bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir ní cuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:33
10 Tagairtí Cros  

Féachaidh, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐bhéarfar Mac an Duine d’uachtaránaibh na sagart agus do na scríobhaidhthibh; agus daorfaid‐sean chum báis é,


Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus ní ghlacfaidís‐sean chuca é, óir do bhí a aghaidh mar bhéadh sé ag dul go h‐Iarúsalem.


Uime sin níor shiubhail Íosa go poiblidhe i measc na nIúdach ó’n am sin, acht d’imthigh sé isteach sa tír atá i n‐aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Efráim; agus d’fhan sé annsin i bhfochair a dheisceabal.


D’fhreagair Íosa, Nach bhfuil dhá uair déag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní baintear tuisleadh as, óir do‐chí sé solas an tsaoghail seo.


Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.


Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.


Caithfimíd oibreacha an té do chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann: atá an oidhche ag teacht nuair nach bhféadann aon duine obair do dhéanamh.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


Óir na daoine chómhnuigheas i nIarúsalem, agus a riaghlóirí, toisc gan aithne bheith aca airsean, agus gan eolas bheith aca ar bhriathraibh na bhfáidh léightear gach sabóid, do chóimhlíonadar a ndubhradar g‐á dhaoradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí