Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do bhí daoine láithreach an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaobh na nGaliléach, gur mheasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íodhbartaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Bhí daoine áirithe i láthair in alt na huaire úd a dʼinis dó faoi na Galailéigh ar mheasc Píoláid a gcuid fola féin lena n‑íobairtí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus bhí i láthair san am chéadna sin daoine áirithe a d’innis dó fá na Gaililéigh ar mheasc Pioláit a gcuid fola le n-a n-íodhbartha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus fá namsin féin tangadar dáoine áirighe chuige ag innisin sgéal do tháobh mhuinntir na Galilé, ag ar mheasg Pioláit a bhfuil thríd a niodhbarthuibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 San am sin féin tháinig daoine i láthair dá insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Píoláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:1
8 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:


agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é.


A fheara Galiléanacha, cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr seasamh ag amharc ar spéir neimhe? an t‐Íosa so, atá tógtha suas uaibh isteach ins na flaitheasaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma chéadna agus chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh.


Agus do bhí iongnadh agus uathbhás ortha go léir, agus adubhradar le chéile, Féach, nach Galiléanaigh iad so go léir atá ag cainnt?


I n‐a dhiaidh sin d’éirigh Iúdás ó’n nGalilé i n‐aimsir an chómhairimh, agus tharraing sé daoine ’n‐a dhiaidh: fuair seisean bás, leis; agus do scaipeadh an dream go léir do lean é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí