Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Bhí daoine áirithe i láthair in alt na huaire úd a dʼinis dó faoi na Galailéigh ar mheasc Píoláid a gcuid fola féin lena n‑íobairtí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus bhí i láthair san am chéadna sin daoine áirithe a d’innis dó fá na Gaililéigh ar mheasc Pioláit a gcuid fola le n-a n-íodhbartha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do bhí daoine láithreach an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaobh na nGaliléach, gur mheasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íodhbartaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus fá namsin féin tangadar dáoine áirighe chuige ag innisin sgéal do tháobh mhuinntir na Galilé, ag ar mheasg Pioláit a bhfuil thríd a niodhbarthuibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 San am sin féin tháinig daoine i láthair dá insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Píoláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:1
8 Tagairtí Cros  

Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é.


Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.


A fheara Ghaililiacha, cad ad áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógta suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma gcéadna, fé mar a chonacabhair ag dul suas ar neamh é.


Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt?


I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí