Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal, nuair atchífidh sibh Abraham agus Isaac agus Iacób, agus na fáidhe go h-uile, i ríoghacht Dé, agus sibh féin bhur dteilgean amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáidhe uile, a bhflaitheas Dé, agus sibh féin dá bhur dteilgean amach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacla, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:28
15 Tagairtí Cros  

agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal.


agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Agus caithidh amach an searbhónta neam‐hthairbheach sa dorchacht atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú.


Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé.


Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht.


Cómhartha ceart‐bhreitheamhnais Dé is eadh é; ionnas go measfaidhe gur fiú sibh ríoghacht Dé, go bhfuil sibh ag fulang ar a son:


óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.


Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás.


Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí