Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do chonnaic Íosa í, do ghlaodh sé chuige í, agus adubhairt sé léi, A bhean, atá tú saor ód’ laige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus nuair a chonaic Íosa í, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt léí, “A bhean úd, tá tú do do scaoileadh ó chuibhreach do chloíteachta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus nuair a chonnaic Íosa í, ghoir sé chuige í, agus dubhairt léi: A bhean, tá tú scartha le d’éagcruadhas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus an tráth do chunnair Iósa í, do goir sé chuige í, agus a dúbhairt sé ría, A bhean, atá tú sgáoilti ód éagcrúas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ghearán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó mʼéagruas,”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó d'éagruas,”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:12
9 Tagairtí Cros  

Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite:


Agus féach, bean ’n‐a raibh spioraid lag‐bhrighe le h‐ocht mbliadhnaibh déag; agus do bhí sí cromtha, agus ní raibh ar chumas dí í féin do dhíriú ar chor ar bith.


Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia.


Agus an bhean so, inghean Abrachaim, do bhí fá cheangal ag Sátan le h‐ocht mbliadhna déag anuas, nár cheart í do scaoileadh ó’n gceangal sin, lá na sabóide?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí