Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Is cosmhail í le gráinne síl mustaird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a gharrdha féin; agus d’fhás sé, agus d’éirigh sé ’n‐a chrann; agus do neaduigh éanlaithe na spéire ’n‐a ghéagaib.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus dʼfhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Is cosamhail í le gráinnín de shíol mustáird a ghlac duine gur chuir ina gharrdhadh é, agus d’fhás sé, agus d’éirigh sé ina chrann mhór, agus chómhnuigh éanacha an aeir ina ghéaga.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Is cosmhuil ré gráinne musdaird í, do ghabh duine chuige, agus do chuir sé ann a ghárrdha; agus dfás sé, agus dó rinneadh crann mór dhe, agus do rinneadar éanlaith a naiéir néid ann a ghéaguibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Is cosmhail é le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é chur ’n-a gháirdín, agus d’fhás sé, ’gus dhein crann mór de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir ’n-a ghéagaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus dʼfhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d'fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:19
38 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh.


Agus adubhairt sé, Cad leis an samhlóchaimíd ríoghacht Dé? cad í an tsamhlaoid ’n‐a dtais‐beánfaimíd í?


Agus adubhairt an Tighearna, Dá mbéadh oiread gráinne síl mustaird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do fhréamhachaibh tú, agus curtar sa bhfairrge thú; agus do‐ghéanadh sé de réir mar d’órduighis.


Do baisteadh iad‐san do ghlac le n‐a bhriathar: agus do cuireadh leo an lá sin tuairim trí míle anam.


Agus nuair do‐chualadar é, thugadar glóir do Dhia; agus adubhradar leis, Do‐chí tú, a bhráthair, na mílte móra dhíobh‐san go bhfuil an creideamh aca atá i measc na nIúdach; agus atáid uile láin‐dílis do’n reacht:


Acht do chreid a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar; agus do mhéaduigh uimhir na ndaoine go tuairim cúig míle.


tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum;


Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí