Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus an bhean so, inghean Abrachaim, do bhí fá cheangal ag Sátan le h‐ocht mbliadhna déag anuas, nár cheart í do scaoileadh ó’n gceangal sin, lá na sabóide?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus nár cheart an bhean seo, iníon le hAbracham, a scaoileadh lá na sabóide ón gcuibhreach seo ler cheangail Sátan í na hocht mbliana déag seo?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus inghean Abrahaim seo, a bhí faoi cheangal ag Satan, féach, le h-ocht mbliadhna déag, nár chóir í scaoileadh ó’n cheangal sin ar lá na sabóide?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus an bheansa, atá na hinghin ag Abraham, noch do chuibhrigh Sátan, a nois le hóchd mbliadhna dég, a né nar choír a sgáoileadh ón chuibhreachsa a lá na sábbóide?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Agus an bhean seo, is iníon dʼAbrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Agus an bhean seo, is iníon d'Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:16
11 Tagairtí Cros  

agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.


Agus adubhairt sé leo, Is le h‐aghaidh an duine do ceapadh an tsabóid, agus ní le h‐aghaidh na sabóide do rinneadh an duine:


Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis.


Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.


Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


A bhráithreacha, a chlann de shliocht Abrachaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is dúinne do cuireadh briathar an tslánuighthe seo.


agus chum go bhfuasclóchaidh siad iad féin slán as gaiste an diabhail, tar a éis do sheirbhíseach an Tighearna breith ortha chum toil Dé do dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí