Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Féach, fágthar bhúr dteaghlach i n‐uaigneas agaibh: agus adeirim‐se libh, Ní fheicfidh sibh mise arís go dtí go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Féach, is fás folamh é do theach. Agus tá mise ag insint duit nach bhfeicfidh tú aon amharc orm go dtí go ndéarfaidh tú, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Féach, fágfar bhur dteach ina fhásach agaibh. Agus deirim libh, nach bhfeicfidh sibh mé, go dtí go dtigidh an t-am nuair a déarfaidh sibh: Is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Féuch, fágthar bhur dtigh na fhásach aguibh: Agus a deirimsi ribh go fírinneach, Nach bhfaicfí misi, no go dtí a núair a naibeórtháoi, Is beannaighe an té thig a nainm an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Féach, fágfar agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth ’n-a ndéarfaidh sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

35 Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:35
31 Tagairtí Cros  

Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!


A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!


Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í,


Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach.


do thógadar géaga de na pailmibh, agus do ghluaiseadar amach ’n‐a airchis, agus do ghlaodhadar amach, Hósanna: is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna, Rí Israel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí