Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhein Ierúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus chuaidh sé fríd na cathracha agus na bailte ag teagasc, agus é ag cur an bhóthair de go h-Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus do chúaidh sé tri gach cathair agus gach baile, ag teagasg, agus ag gábháil na sligheadh go Hiérúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go hIarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:22
7 Tagairtí Cros  

Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta.


Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.


Agus dubhairt duine leis: A Thighearna, an amhlaidh ná saorthar ach beagán? Agus dubhairt seisean leó:


Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí