Lúcás 13:22 - An Bíobla Naofa 198122 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Agus chuaidh sé fríd na cathracha agus na bailte ag teagasc, agus é ag cur an bhóthair de go h-Ierusalem. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Agus do chúaidh sé tri gach cathair agus gach baile, ag teagasg, agus ag gábháil na sligheadh go Hiérúsalem. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhein Ierúsalem. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go hIarúsailéim. Féach an chaibidil |