Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Acht nuair a rachas fear an tighe isteach, agus druidfidh sé an doras, toiseochaidh sibh a sheasamh amuigh, agus a bhualadh ar an doras, ag rádh: A Thighearna, foscail dúinn. Agus déarfaidh seisean libh, bhur bhfreagairt: Ní fhuil a fhios agam cá h-as díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 O a nuáir fá néireóchaidh fear an tighe, agus fá a ndúnfa sé a dhóras, agus thionnsganuidh sibhsi seasamh a muich, agus an doras do bhuáladh, ag rádh, A Thighearna, A Thighearna, osguil dúinne; agus ar bhfreagra dhósan a déara sé ribh, Ní bhfuil a fhios agam cía bas dáoibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Tar éis dʼfhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibh-se, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:25
12 Tagairtí Cros  

Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus dearfaidh sé libh: Ní fheadar cad as daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.


Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin.


Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí