Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Dubhairt sé, ar an adhbhar sin: Cá leis ar cosamhail ríoghacht Dé, nó cá leis a samhlóchaidh mé í?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus adubhairt sé, Cad leis gur cosmhail ríoghacht Dé? agus cad leis go samhlóchad í?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a dubhairt sé, Cía lér cosmhuil rioghachd Dé? agus cia ré samhleóchaidh mé í?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:18
8 Tagairtí Cros  

Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh;


Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh,


Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad rígheacht Dé?


Na ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg.


Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí