Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Agus leag sé a lámha uirthí, agus díríodh a droim ar an toirt agus thug sí moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus chuir sé a lámha uirthí, agus ar an bhomaite dhírigh sí, agus thug glóir do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do chuir se a lámha uirre: agus do rinneadh díreach ar ball í, agus tug sí glóir do Dhía.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:13
13 Tagairtí Cros  

Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.


Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith.


Agus d’iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m’inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionas go leighisfí í agus go mairfeadh sí.


Agus níor fhéad sé aon chómhacht d’oibriú sa n-áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad.


Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir.


Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ghearán.


Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.


Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad.


Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí