Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus d’fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar cheart obair a dheanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus mar go raibh fearg ar uachtarán na sineagóige, as siocair go ndearna Íosa leigheas ar an tsabóid, d’fhreagair sé, agus dubhairt leis an tsluagh: Tá sé laethe ann, ar ar ceart obair a dhéanamh: gurab ortha sin, ar an adhbhar sin, a thiocfas sibh agus leigheas d’fhagháil, agus nárab ar lá na sabóide.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus ar bhfreagra dúachdarán na sinagóge ar mbeith diomghach dhó, fá Iósa do dhéanamh leighis ann sa tsabboid, a dubhairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéthe ann ar coir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab ionnta sin thiocfas sibh dá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabboide.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá sabóide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:14
20 Tagairtí Cros  

Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide.


Agus tháinig duine d’uachtaránaibh na sinagóige, dár bh’ ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé é do chaith sé é féin ag á chosaibh,


Agus bhíodar-san lán de mhí-chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.


Agus bhí na Shgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas lá na sabbóide, agus go mbeadh nídh acu le cur ’n-a leith.


Agus féach, tháinig chuige fear dár bh’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’gha iarraidh air dul chun a thighe,


Agus nuair a bhí léighead na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtaráin na sinagóige teachtaireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt theagaisg do’n phobul abraidh í.


Agus do rugadar go léir an Shóstenés uachtarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os cómhair an tsuidhebhratha agus níor chuir Gallió aon tsuim i n-aon nídh de sna neithibh sin.


Agus do chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna, agus a theaghlach go léir, agus do chreid mórán de sna Coirintigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí