Lúcás 13:14 - An Bíobla Naofa 198114 Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)14 Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara14 Agus mar go raibh fearg ar uachtarán na sineagóige, as siocair go ndearna Íosa leigheas ar an tsabóid, d’fhreagair sé, agus dubhairt leis an tsluagh: Tá sé laethe ann, ar ar ceart obair a dhéanamh: gurab ortha sin, ar an adhbhar sin, a thiocfas sibh agus leigheas d’fhagháil, agus nárab ar lá na sabóide. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)14 Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus ar bhfreagra dúachdarán na sinagóge ar mbeith diomghach dhó, fá Iósa do dhéanamh leighis ann sa tsabboid, a dubhairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéthe ann ar coir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab ionnta sin thiocfas sibh dá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabboide. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)14 Agus d’fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar cheart obair a dheanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201214 Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá sabóide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.” Féach an chaibidil |