Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ba ansin a dʼfhreagair an Tiarna é, “A dhream na cráifeachta bréige! An é nach mbíonn an uile dhuine agaibh ag scaoileadh a dhaimh nó a asail den mhainséar lá na sabóide, agus é á thabhairt leis san áit a bhfaighidh sé uisce le n‑ól?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus d’fhreagair an Tighearna é, agus dubhairt: A bhréag-chráibhtheacha, nach scaoileann gach aoinneach agaibh a dhamh nó a asal ó’n mhainséar, agus nach dtreoruigheann sé amach é le deoch uisce d’ól, ar an tsabóid?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Uime sin do fhreagair an Tighearna dhó, agus a dubhairt sé, A fhir an fhúarchrábhuidh, a né nach sgáoileann gach áon nduine agaibh féin a dhamh nó a asal ón mhainnsér lá na sabhóide, agus nach beireann sé chum uisge é?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Dʼfhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:15
16 Tagairtí Cros  

Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.


Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais.


mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide, agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:


Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”


A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:


“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.


Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d'olcas.


A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.


Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.


Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?”


Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.


Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”


agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí