Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus dearfaidh sé libh: Ní fheadar cad as daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Ach is é a déarfas sé, ‘Insím daoibh nach eol dom an áit a dtagann sibh as; imíodh lucht an oilc uaim!’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus déarfaidh sé libh: Ní fhuil a fhios agam cá h-as díbh; imthighigidh uaim uilig, a lucht déanta na h-urchóide.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 agus adéarfaidh seisean, Adeirim libh, Ní fhuil a fhios agam cad as daoibh; imthighidh uaim a lucht an uilc do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus a déaraidh sé, A deirim ribh ní bhfuil a fhios agam cia bas dáoibh; imthigh úaim, uile a luchd déanta na béagcóra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibh-se uile a dhéanann an éagóir!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:27
15 Tagairtí Cros  

Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.


Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí