Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níos bh’áil leat!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Ó, a Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe, agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Cad é a mhinicí ab áil liom do chlannsa a chruinniú chugamsa, mar a chruinníos an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil leat é!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 A Ierusalem, a Ierusalem, a mharbhas na fáidhe, agus a ghabhas do chlocha ionnta sin a chuirtear chugat, cad é a mhinicighe a ba mhian liom do chlann a chruinniughadh, mar chruinnigheas an t-éan a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus dhiúltuigh tú.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 O a Ierusalém, á Ierusalém, noch mharbhas na fáighe, agus ghabhas do chlochaibh ar na dáoinibh churthar chugad; gá mhioncachd bá mían leam do chlann do chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fá na sgiothánuibh, agus níor bháill libh!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh-se!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:34
46 Tagairtí Cros  

Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht.


Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad.


Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air.


Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat.


Agus d’iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bhídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bhídhidh ag gol ar bhúr son féin agus as son bhúr gclainne.


Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhíon-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis.


Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna. Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.


Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí