Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus féach, bean i n-a raibh spioraid lagachair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus féach, bhí bean ann, a raibh spiorad éagcruadhais inntí le h-ocht mbliadhna déag, agus bhí sí crom, agus ní raibh sí ábalta amharc suas ar chor ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus féach, bean ’n‐a raibh spioraid lag‐bhrighe le h‐ocht mbliadhnaibh déag; agus do bhí sí cromtha, agus ní raibh ar chumas dí í féin do dhíriú ar chor ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus, féuch, do bhí bean a lathair agá raibh spioraid éagcrúais lé hocd mblíadhna déig: agus do bhí sí crotach, agus niór bhéidir lé í féin do dhíoriughadh air éanchor.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti dá déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:11
20 Tagairtí Cros  

Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n-uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n-aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn.


Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ghearán.


Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?


Nuair a bheidh na neithe seo ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte libh.


Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh; na seacht ndeamhain aisti,


Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh deamhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh.


Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas;


Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul.


Mar, an duine gur deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad bhlian.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí