Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Mar is é rud, ghabh Iorua Eoin agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Heródias, banchéile a dhearthár Pilib,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Óir ghabh Ioruadh Eoin, agus cheangail é, agus chuir isteach i bhpríosún é, mar gheall ar Herodias, bean a dhearbhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír do ghlac Iorúaith Eóin, agus do cheangáil sé é, agus do théilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mna Philib a dhearbráthar féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é a chur i ngéibheann agus i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:3
18 Tagairtí Cros  

Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:


Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.


Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí;


Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd.


Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.


Agus bhí Heródias ag déanamh ceilge ’n-a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi.


Agus tháinig inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é.


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.


Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.


An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha.


Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é.


Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san.


Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína,


Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.


Le linn na h-aimsire céadna do chuir Héród, an rí, á lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinntir na h-eagailse.


Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí