Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Gníomhartha 26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXVI. Cúntas ag Pól dhá thabhairt d’ Agrippa ar a bheatha, ar conus a h-iompuigeadh chun an chreidimh é, agus ar an obair a bhí le déanamh aige.

1 Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint.

2 Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad lathair-se atá orm me féin a chosaint indiu ar na neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith,

3 Go mór mór, toisg eolus a bheith agat ar na nósaibh agus ar na ceisteanaibh atá ameasg na n-Iúdach. Uime sin iarraim ort éisteacht go foidhneach liom.

4 Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas bheatha chaitheas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerúsalem a chaitheas í.

5 Tá fhios acu, (dá mba maith leó é dh’innsint i bhfiadnuise), gur mhaireas, do réir na h-aicme is deimhnighthíghe i n-ár gcreideamh, am Fhairisíneach.

6 Agus tá breith ’á thabhairt orm anois mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeallamhaint a thug Dia d’ár n-aithreachaibh,

7 An gheallamhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagáil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí.

8 Cad ’n-a thaobh nách féidir, dar libhse, a chreideamhaint go n-aithbheódhann Dia na mairbh?

9 Bhí sé buailte isteach am aigne-se féin go raibh ceangailte orm mórán neithe dhéanamh i gcoinnibh ainime Íosa Nasareit.

10 Agus do dheineas, i nIerúsalem. Chuireas mórán daoine naomhtha isteach i bpríosúnaibh. Fuaras úghdarás ó uachtaránaibh ná sagart agus nuair a bhídís (na naoimh) le cur chun bháis is mise thugadh an t-órdú liom chuige.

11 Agus ins na sinagógaibh go léir bhínn go minic ag cur pionóis ortha, agus chuirinn fhiachaibh ortha diamhasladh dhéanamh, agus do méaduigheadh mo bhuile ’n-a gcoinnibh i dtreó go mbhínn ’ghá ngéarleanmhaint isteach ins na catharachaibh iasachta féin.

12 Agus bhíos ag dul go Damascus ar an inntinn sin agus úghdarás agus cead agam ó uachtaránaibh na sagart,

13 Agus, a rí, do chonnac ar an slighe i lár an lae, ag taithneamh am thímpal agus thimpal ar na daoine a bhí le m’chois, solas as na flathais agus é níos treise ná solus na gréine.

14 Agus thuiteamair go léir chun tailimh, agus d’airigheas-sa an ghuth ag labhairt liom sa teangain Eabhra: A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’am ghéarleanmhaint? Is deacair duit bheith ag speachuíol i n-aghaidh an phriocaire.

15 Agus dubhart-sa: Cia h-é thu, a Thighearna? Agus dubhairt an Tíghearna: Mise Íosa atá agat d’á ghéarleanmhaint.

16 Ach eirigh agus seasaimh ar do chosaibh, óir is chuige thaisbeánas me féin duit chun go ndéanfainn díot seirbhíseach agus fínné ar na neithibh a chonnaicís agus ar na neithibh ’na bhfeicfir me,

17 ’Gat thabhairt saor ó’n bpobul agus ós na geinte na bhfuilim ’ad chur chúcha anois,

18 Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.

19 Dá bhrígh sin, a rí Agrippa, níor thugas-sa diúlta do’n radharc ó neamh,

20 Ach do chraobhsgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcrích Iúdaea ar fad, agus do sna Geintibh ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go n-iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na h-aithrighe d’oibreachaibh.

21 Mar gheall air sin iseadh do rug na Iúdaígh orm nuair bhíos sa teampull agus mheasadar me mharbhú.

22 Ach do chabhruigh congnamh Dé liom agus táim am sheasamh go dtí an lá indiu, ag déanamh fiadhnuise do bheag a’s do mhór, gan aon rud do rád lasmuigh de sna neithibh adubhairt na fáidhe a bhí le teacht agus Maois,

23 Go ndéanfadh Críost fulag agus gur bh’é an chéad duine é d’eireóchadh ós na mairbh agus do nochtfad an solus do’n phobhul agus do sna Geintibh.

24 Le linn na cainnte sin do rád dhó agus é ghá chosaint féin dubhairt Féstus do ghuth árd: As do mheabhair ataoi, a Phóil. Tá iomad léighinn ’ad chomáint as do mheabhair.

25 Nílim as mo mheabhair, a Fhéstuis oirdheirc. Táim ag innsint na fírinne gan bhaois.

26 Tá eolus ar na neithibh seo ag an rí atá ag éisteacht le m’chainnt gan sgáth; óir ní mheasaim gur féidir aon níd acu bheith lasmuigh d’á eólus. Ní h-i gcúinne a deineadh aon nídh acu.

27 An gcreideann tú na fáidhe, a rí Agrippa? Tá ‘fhios agam go gcreideann tú.

28 Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Is bheag ná go n-áitígheann tú orm iompáil am Críostaíde.

29 Agus dubhairt Pól: Go dtugaid Dia dhom, ’n-a bheag a’s ’n-a mhór, ní h-amháin tusa ach gach a bhfuil de dhaoinibh anso ag éisteacht liom d’iompáil ar an gcuma san agus iad a bheith mar me féin, ach gan na slabhraí seo bheith ortha.

30 Ansan d’eirigh an rí agus an gobhernóir agus Bernícé agus a raibh ’n-a suidhe ’n-a bhfochair.

31 Agus d’imthíghdar i leith taoibh agus bhíodar ag cainnt, agus dubhradar: Ní’l aon rud déanta ag an nduine sin a thuillfeadh bhás ná braighdineas dó.

32 Agus dubhairt Agrippa le Féstus: D’fhéadfí an duine sin do leogaint chun siúbhail mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí