Annsin a dubhairt mé ríu, Teilgidh uáibh gach áon aguibh adhfhúathmhaireachta a shúl, agus ná truáilligh sibh féin le hiodhaluibh na Hégipte: is Misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Agus ní fhéuchfa sé air na haltóruibh, oibreacha a lámh, ní mó bhías meas aige air áoinní dá ndeáruadar a mhéir, na garráin, ná na híomháighe.
¶ A nuáir éighfios tú, tárthuighidís do chompanuigh thú; acht béara an ghaoth ar siubhal íad uile; béara an diomhaoíneas air siubhal íad: acht sealbhochuidh an té chuirios a dhóigh ionnamsa an dúithche, agus do gheabhuidh oighreacht mo shléibhe náomhtha;
Is marso a déara sibh ríu, Na dée nach déarna na neamha nó an talamh, sgriosfuighear íad ón ttalamh, agus ó faói na neamhuibhsi.
Truaillfighthí fós folach híomháigheadh greanta dairgiod, agus córughadh híomháigheadh leaghtha dór: teilgfidh tú uáit íad amhail éadach salach; a déara tú ris, Imthigh as so.
Biáidh náire orra, agus fós béid claóite uile: rachuid a neimhní go léir lucht déanta na niodhal.
Ar a nadhbharsin do dhóirt misi mo dhioghaltas orra ar son na fola do dhóirteadar air an bhfearann, agus ar son a niodhail ler thruáilleadar é:
Agus thug an TIGHEARNA fúagra dot thaóibh, chor nach síolcuirfidh ní is mó dot ainm: geárria mé amach as tigh do dhée an niomháigh ghreanta agus an níomháigh leaghtha: do dhéana me huáig; óir atá tú beagluáigh.
¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.
Ar mo shon féin, ar mo shon féin, do dhéana mé é: óir ciondus do thruaillfidhe mainm? agus ní thiubhrad mo ghlóir do neach oile.
Mar do rinne misi re Sámaria agus re na hiodhalaibh, mar sin nach déana mé, re Ierusalem agus re na hiodhaluibh?
A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
Oír annsa ló sin teilgfidh gach nduine hadh a iodhail airgid, agus a iodhail óir, noch do rinneadar bhur lámha féin díbh mar pheacadh.
¶ Tugaidhsi ar a nadhbharsin aire mhaith dháoibh féin; óir ní fhacabhair gné ar bith shamhluighthe an lá do labhair an TIGHEARNA ribh an Hóreb amach as lár na teineadh: Deagla go ttruaillfidhthigh sibh féin, agus go ndéanaidh sibh íomháigh ghrabhálta, cosamhlachd fhidhreach ar bith, cósamhlachd fir nó mná,
Is bhrúideamhuil gach uile dhuine íona éolus féin: do claóidheadh gach uile chumadóir ann a íomháigh ghreanta: óir is neimhfhírinne a íomháigh leaghtha, agus ní bhfuil ánal ar bith ionnta.
Marso a deir an TIGHEARNA, Cred an téagceart fúaradar bhur naithre ionnamsa, as ar imthigheadar a bhfad úaim, agus ar shiúbhladar ar lorg díomhaóinis, agus as a ndéarnadh diomhaoin íad?
Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada.
¶ Agus an tan do chúala Asa na briathrasó, agus tairghire Oded an fáigh, do ghabh meanma é, agus do theilg sé seachad na hiodhail adhfhuathmhara as crích Iúdah agus Bheniamin uile, agus as na caithreacaibh do ghabh se do shlíabh Ephraim, agus do athnúaghuidh sé altóir an TIGHEARNA, do bhí roimhe poirse an TIGHEARNA.
Ní cháomhnochaidh Assur sinn; ní dhéanam marcuigheacht air eachaibh: ní mó a déaram ní is mó le hobair ar lámh, Is sibhsi ar ndéne: óir is ionnadsa do gheibh an dílleachda trócaire.
Méideochar a ndóbhrón, noch bhrostuighios a ndiáigh día oile: a ndeochíodhbartha fola ni ofrála mé, ní thógfa mé súas a nainm chum mo phus.
Agus a nuáir do bhris sé siós na haltóra agus na garráin, agus a nuáir do bhrúigh sé na hiomhaighe grabhalta na luaithreadh, agus do ghearr siós na hiodhail óile ar feadh chríche Israel eile, dfill sé go Hierusalem.
Achd scriosfaidh sibh a naltóra, brisfigh sibh a niómháighe, agus gearrfuidh sibh síos a ngarraín:
Is misi an TIGHEARNA: sé sin mainm: agus ní thiubhra mé mo ghlóir do neach oile, nó mo mholadh díomháighibh grábhálta.
¶ Agus tháinic Elias chum an phobuil uile, agus a dubhairt sé, Cá fad bheithíse bacach idir dhá bharamhuil? má sé an TIGHEARNA as Día, leanuidh é: achd má se Baal, leanuidh é sin. Agus níor fhregair an pobal éanfhocal dó.
Oír biáidh náire orra fa na dairibh díarrabhair, agus muigheochthar sibh fa na gáirdínibh do thoghabhair.
Agus cuimhneochuid an mhéid rachus as díbh misi a measc na ccineadhach mar a mbéarthar a láimh íad, do bhrígh gur briseadh mé le na ccroidhe stríopamhuil, noch do dhealuigh riomsa, agus lé na súilibh, noch théid do stríopachus a ndíaigh a niodhal: agus gráinfid íad féin do bhrígh na nolc do rinneadar iona nuile ghráineamhlachdaibh.
Atá a fhios aguibh go rabhabhair bhur Gcineadhachaibh, ar bhur dtarruing go hiodhaluibh balbha, do réir mar do treóruigheadh sibh.
Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
Atá gach uile dhuine brúideamhuil le na éolus; atá gach uile fhear ceirde millte lé híomhaigh ghreanta: óir is neimhfhirinne a íomháighe leaghtha, agus ní bhfuil anál ar bioth ionta.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.
Ní dhéana tú dhuit féin íomháigh ar bith ghrabhálta, nó cosamhlachd neithe ar bith dá bhfuil a bhflaitheamhnus shúas, nó dhá bhfuil san talumh shios, nó dhá bhfuil ansna huisgedhibh faói an talumh:
Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
¶ Annsa lósin féuchfuidh duine ar a Chruthaightheóir, agus biáid meas agá shúilibh ar Aon Náomhtha Israel. Agus ní fhéuchfa sé air na haltóruibh, oibreacha a lámh, ní mó bhías meas aige air áoinní dá ndeáruadar a mhéir, na garráin, ná na híomháighe.
Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é.
Nar mhalartuigheadar na geinte dée, nach bhfuil ar aon chor na ndéeibh? achd dáthruigheadar mo dhaóinesi a nglóir ar ní nach ttarbhuighionn.
¶ Do atharruidh sé na háite árda, agus do bhris sé na híomháighe, agus do ghearr sé sios na garraín, agus do bhris na codchannaibh a naithir nimhe phráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ghoir sé Nehustan di.
Ní mó shaileochuid íad féin le na niodhaluibh ní sa mhó, nó lé na neithibh gráineamhla, nó lé coir ar bioth dá ccoirthibh: acht táirtheocha misi íad as a nuile áitibh comhnuidhe, ann ar pheacuigheadar, agus glanfa mé íad: marsin budh íadsan mo phobalsa, agus misi a Ndíasan.
An tionad ar bhrostuigheabhair misi chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh, ag losgadh túise do dhéibh oile a ccrích na Hégipte, mar a ndeachabhair do chomhnuidhe, chor go ngéarrfaidh sibh amach, agus go mbeith sibh mar mhallughadh agus mar scannail a measc uile chineadhach an domhuin?
Go ma malluigh an duine dhéanas iomháigh ghrábhálta nó leaghtha, athfhúathmhaireachd don TIGHEARNA, obair lámh an fhir ceirde, agus chuireas a nionad uáighneach í. Agus freagoruidh an pobal uile agus déaruid, Amén.
¶ Cred tharbhuighios a níomháigh ghreanta ar ghrean fear a hullmhuighthe í; a níomháigh leaghtha, agus teagasgóir bréug, as a ndóthchusuighionn fear déanta a oibre féin ann, do dhéanamh iodhal mbalbh?
Féuchuidh, ní bhfuil ionnuibh acht neimhní, agus bhur nobair gan tábhachd: is adhfúathmhar an té thoghas sibh.
Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh:
Agus atá tiormach air a huisgeadhuibh; agus tiormochthar súas íad: óir isí tír na níomháigheach ngreanta í, agus a táid ar buile ar a niodhaluibh.
Go madh claóidhte bhéid síad uile noch do ní seirbhís díomháigh grábhálta, noch do ní íad féin aidhbhéil as iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a dhée uile.
Agus do cheangladar íad féin ré Baal-peor mar an gceadna, agus dithiodar íodhbartha na marbh.
¶ Uimesin abair ré tigh Israel, Is marso a deir an Tighearna DIA, Déanuigh aithrighe, agus iompóighidh sibh féin ó bhur niodhaluibh; agus fillidh bhur naighthe ó bhur nuile ghráineamhlachtaibh.
Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog, Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach. Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.
Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.
Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.
¶ Seas a nois led dhroigheachd, agus le hiomad do gheasadóireacht, ann ar sháothruigh tú ód óige; mas éidir go mbía ar do chumas tarbhughadh, má theagmhann go mbéara tú buáidh. Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort.
¶ Iómháighe grábhalta a ndée loiscfidh tú lé tenidh: ní shainteochuidh tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ghlacfa tú chugad é, deagla go ngéabhthaoi a ngaiste leis thú: oír is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA do Dhía é.
Oír do umhluigheadar na críochasa, noch shealbhochus tú, do luchd adhartha aimsear, agus do luchd fáistine: acht ar do shonsa, nior fhuiling do THIGHEARNA Día dhuitsi sin do dhéanamh.
¶ Ná hionntoighidh lé hiodhaluibh, agus ná déanaidh dée leaghtha dháoibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Acht do choimhmeasgadar íad féin leis na cineadhachaibh, agus do rinneadar a noibreacha dfoghluim. Agus do adhradar dá niodhaluibh: agus do bhádar dóibhsion mar phaintéar.
Uimesin ná héistighsi re bhur bhfaighibh, nó re bhur bhfáistineachaibh, nó ré bhur naislingtheachaibh, nó ré bhur ndraóithibh, nó ré bhur ngeasadóiribh, labhrus ribh, ghá rádh, Ní fhoigheontuidhe do rígh na Babilóine:
Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.
¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.
¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.
¶ A núair ghearrfas an TIGHEARNA do Dhía na cineadhacha sin amach romhad, mar a racha tú dá sealbhughadh, agus go ngéabha tusa a náit, agus go náitreabhaigh tú iona ndúithche; Agus scriosfuidhe síos a naltóra, agus brisfidhe a bpileiri, agus loiscfídhe a ngarráin lé teinidh; agus snoidhfidhe síos íomháighe grábhalta a ndée, agus scriosfuidhe a nanmanna amach as a náit sin. Tabhair haire dhuit féin nach gabhthar a ndul thú ó na leanmhuin, tar éis a scriosta romhad; agus nach déana tú loirgaireachd air a ndeéibh, gha rádh, Cionnus do rinneadar na fineadhachasa serbhís dá ndeéibh? is mar sin do dhéana misi mar an gcéadna. Ní dhéana tusa sin red THIGHEARNA do Dhía: óir gach éainni is athfhúamhar lé Día noch a fhuathian sé do nídís sin re na ndeéibh féin; eadhon a mic agus a ninghiona do loisgedis ansa teinidh dá ndeéibh.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo?
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Agus thug ar a mhac dul thríd an tteine, agus do adhradh daimsearuibh, agus do níodh droigheachd, agus cumann ré leannánuibh síthe agus re luchd fáistine: doibrigh sé mórán uilc a radharc an TIGHEARNA, ler bhrostuigh é chum feirge.
Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.
Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
¶ Uimesin do thréig tú do phobal, tigh Iácob, do chionn go bhfuihd síad líonta do bhéusuibh a noirthir, agus na luchd fáistine cosmhuil ris na Philistineachaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimhthigheach.
Agus scriosfaidh tusa a nuile phobal thoirbheorus an TIGHEARNA do Dhía dhuit; ní bhía trúaighe ag do shúil dóibh: ní mó dhéanas tú serbhís da ndéeibh; óir bíaidh sin mar dhul ort féin.
Léirscriosfuidh sibh a nuile áit, a ndearnadar na cineadhacha noch shealbhochthaoi serbhís da ndéeibh, ar na sléibhtibh árda, agus ar na enocuibh, agus faói gach éanchrann ghlas: ¶ A nuair fhairseongas an TIGHEARNA do Dhía do théora, mar do gheall sé dhuit, agus déara tusa, Iosa mé feóil, (do chionn go bhfuil fonn féola ar hanum); is féidir leachd féoil díthe, gidh bé ar bith a mbiáidh dúil ag hanam ann. Má bhíonn a náit do thogh an TIGHEARNA do chur a anma féin ann, a bhfad úait, annsin muirfidh tú dot ealbha agus dot thréud, noch thug an TIGHEARNA dhuit, mar do aithin misi dhíot, agus íosa tú ann do dhoirsibh féin gidh bé ní iona mbía dúil ag hanum. Amhuil ithtear an fíadh fionn agus an fíadh rúadh, mar sin íosas tusa iad: ionnan íosas an neamhghlan agus an glan díobh. Achd amháin bí deimhin nach iósa tú a nfuil: óir isí a nfuil an tanum; agus ní cóir dhuitsi an tanum dithe maille ris an bhfeóil. Ní íósa tú í; dóirtfidh tú í ar an ttalumh amhuil uisge. Ní iosa tú í; chor go rachuidh go maith dhuit, agus dot chloinn ad dhiáigh, a nuáir do dhéana tú an ní is cóir a radharc an TIGHEARNA. ¶ Amháin na neithe náomhtha bhías agad, agus do mhóide, do bhéura tú leachd íad, agus racha tú san náit thoighfeas an TIGHEARNA: Agus íodhboruidh tú hofráil loisge, an nfeóil agus an nfuil, ar altóir an TIGHEARNA do Dhía: agus dóirtfighear fuil hiodhbartha amach ar altóir an TIGHEARNA do Dhía, agus iosa tú an nfeóil. Coimhéud agus cluinn na briathraso uile noch aithnighimsi dhíot, chor go rachuidh go maith dhuit, agus dot chloinn ad dhíáigh go bráth, a núair dhéanas tú an ní is maith agus is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía. ¶ A núair ghearrfas an TIGHEARNA do Dhía na cineadhacha sin amach romhad, mar a racha tú dá sealbhughadh, agus go ngéabha tusa a náit, agus go náitreabhaigh tú iona ndúithche; Agus scriosfuidhe síos a naltóra, agus brisfidhe a bpileiri, agus loiscfídhe a ngarráin lé teinidh; agus snoidhfidhe síos íomháighe grábhalta a ndée, agus scriosfuidhe a nanmanna amach as a náit sin.
Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse. Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh: Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.
Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa. Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.
Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad:
Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad; Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.
Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe.
Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:
Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná foghlomuigh slighe na ngeinteadh, agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa chomharthuibh neimhe; óir atáid na geinte anbhuáineach thríotha sin.
¶ An drong do ní íomháighe ghreanta atáid uile na ndiomháioneas, agus ní thairbheochuid a neithe dúileamhla; agus a síad féin a bhfíadhuin; ní fhaicid síad, agus ní bhfuil a fhios aca; ar chor go mbía náire orra.
¶ Acht tairngidh a bhfogus a leith annso, a mhaca na ban druidhe, sliochd a nadhaltrannuigh agus na stríopuidhe.
Agus do tharcuisnigheadar a reachda, agus a chunnradh do rinne sé re na naithribh, agus a fhiadhnuiseadh noch do fhíadhnuigh sé na naghaidh; agus do leanadar díomhaóineas, agus thangadar chum bheith díomhaóin, agus do leanadar na geintigh noch do bhi ar gach táobh dhíobh, a ttaobh ar fhúagair an TIGHEARNA dhíobh, nach déanaidís ní cosmhuil riú.
Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.
Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chúadhmar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhsé ó íodhaluibh chum Dé chum seirbhíse do dhéunamh don Día bhéo fhírinneach;
Tugaidh bhur naire dháoibh féin, nach mbiáidh bhur gcroidhe meallta, agus go bhfillfeadh sibh a leathtáobh, agus serbhís do dheanamh do dhéeibh oile, agus adhradh dhóibh;
Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach. Ag rádh gur dhaóine éagnuidhe íad fein, do rinneadh amadáin dhióbh, Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.
Claonuidh Bel síos, cromaidh Nebo, do bhádar a niodhala ar a mbeathachaibh, agus ar a náirnéis: do bhádar úaluidhe troma ar bhur ccaráiste; is muirighin íad don bheathach choirthe.