1 Samúéil 15:23 - An Bíobla Naofa 198123 Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh. Féach an chaibidil |
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
ar an ábhar sin - a deir an Tiarna - gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal - an Tiarna a labhraíonn - de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.’ ”
Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.