Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 An malartaíonn cine a ndéithe? - agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Nar mhalartuigheadar na geinte dée, nach bhfuil ar aon chor na ndéeibh? achd dáthruigheadar mo dhaóinesi a nglóir ar ní nach ttarbhuighionn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:11
23 Tagairtí Cros  

mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.


Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’


Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!


Rinne siad Dia na glóire a mhalartú ar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.


Ór agus airgead a n‑íolasan, agus saothar láimhe an duine.


Is iomaí duine a deir mar gheall orm: “Níl slánú ar bith dó i nDia.”


chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.


An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin? Más ea, ní déithe iad in aon chor!”


“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.


Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.


Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.


“Cad chuige go maithfinn duit é? Thréig do chlann mhac mé, agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor. Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas. Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.


ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.


Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go bhfuil sibh níos ceannaircí ná na ciníocha máguaird, nár shiúil sibh de réir mo reachtanna agus nár chomhlíon sibh mo dheasghnátha, ach gur bheartaigh sibh de réir deasghnátha na gciníocha máguaird;


Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh in ainm a dhé féin ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.


mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna.


Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.


Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.


Ghriogadar é chun éada le déithe deoranta; chuireadar fearg air le nithe granna.


Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n‑íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.


Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.


Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,


Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí