Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 8:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 8:19
28 Tagairtí Cros  

Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D'inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.”


Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’


Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge.


Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.


Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi


Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.


D'umhlaigh siad ansin do Bhál Peór, agus d'ith siad íobairtí na marbh.


Beidh mearbhall ar an Éigipt, mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile; beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe, ó lucht feasa agus asarlaíochta.


Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.


Beidh tú leagtha ar lár - do ghlór ag labhairt ón talamh agus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib. Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann, agus do chaint as an láib ina gíogarnach.


Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt, gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal, ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn agus foscadh ar scáth na hÉigipte.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael: “An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne, nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh?


Fan i mbun d'asarlaíochta mar sin agus d'ildraíochta, ar chaith tú do dhua leo ó d'óige i leith. B'fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu! B'fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós!


Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach.


Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.


Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n‑asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.


Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.


Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.


Millfidh mé na híola agus na liagáin atá agat agus ní dhéanfaidh tú sléachtadh níos mó do dhéantús do lámh féin.


Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid á thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta.


Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir,


ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh.


Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo


Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.


Ansin dúirt an bhean: “Cé thabharfaidh mé aníos chugat?” “Tabhair Samúéil aníos chugam,” ar sé.


D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?


Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.” D'fhreagair a ghiollaí. “Tá asarlaí in Éan Dór.”


Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí