Íseáia 8 - An Bíobla Naofa 1981Saolaítear mac do Íseáia 1 Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz. 2 Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.” 3 Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air, 4 óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.” Sileo agus Eofrataes 5 Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt: 6 “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá, 7 cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne uiscí tréana domhaine na hAbhann (rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán). Sceithfidh sí as a grinneall agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad; 8 beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.” Scéin an Ionraidh 9 Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh. 10 Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne. An Tiarna ina Cheap Tuisle 11 Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom, nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh ó shlí an phobail seo a leanúint. 12 “Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan. 13 Tiarna na Slua, is é nach mór a naomhú; roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan. 14 Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim. 15 Agus bainfear tuisle as mórán díobh, titfidh siad agus brisfear iad; rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.” Ráiteas Íseáia lena Dheisceabail 16 Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal. 17 Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas. 18 Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón. 19 Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh, 20 chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh. An Seachrán Oíche 21 Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh 22 nó ag breathnú síos ar an talamh, níl ann ach anbhroid agus dorchadas, gruamacht na hanbhuaine, agus ní fheicfidh siad ach an oíche. 23 An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain? 1 San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart