Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 8:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus biáidh seision mar shanctora; achd mar chloich thuisligh agus mar charraig oilbhéime do dhá thigh Israel, mar phaintér agus mar líon do dhúthchusuibh Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 8:14
24 Tagairtí Cros  

Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.


Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.


Thugadar domlas le hithe dom agus fínéagra le hol dom i mo thart.


Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.


Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.


Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraí agus dún na doirse i do dhiaidh. Gabh i bhfolach seal nóiméid go dtí go dté an fhearg thart.


Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.


agus ina both chun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa, agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme.


Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla; mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil. Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas, tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.


Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.


Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t‑athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”


Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’


Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.


Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”


Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”


Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -


mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir.


Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?”


Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir.


agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí