Íseáia 8:6 - An Bíobla Naofa 19816 “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 Do bhrígh gur dhíultadar na daóinesi uisgeadha Shiloah ghluaisios go socair, go ngáirdighid ann Resin agus a mac Remaliah; Féach an chaibidil |
Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.