Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 8:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus rachaidh sé thríd Iúdah; tuileochaidh sé agus rachaidh thairis, roichfidh sé go nuige an muinéul; agus líonfuidh leathnughadh a sciathán amach leithead do dhúithchesi, ó Immanuel.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 8:8
22 Tagairtí Cros  

Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó.


Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim.


In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.


Tá a anáil mar thuile in abhainn, a thiocfadh go muineál ar dhuine. Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte, chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha.


Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).


Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre,


Óir is mar seo a deir an Tiarna: “(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair, agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)


Tháinig an fharraige aníos ar an mBablóin, téann sí faoi na tonnta tolgacha.


Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Iolar mór, mórsciathánach, fadeiteogach, le clúmh tiubh ildathach, a tháinig go dtí an Liobáin. Rug sé ar bharr an chéadrais,


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;


Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.


Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomh agus dúiche Niomrod le treise lainne. Fuasclóidh sé sinn ón Asaír má thagann siad isteach inár dtír, fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí