Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 57:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa, a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Acht tairngidh a bhfogus a leith annso, a mhaca na ban druidhe, sliochd a nadhaltrannuigh agus na stríopuidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 57:3
23 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”


Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa.


Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.


Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.


Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: “Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.” - “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.”


Ar shliabh mór ard atá do leaba cóirithe agat. Is ann freisin a chuaigh tú suas a dhéanamh do chuid íobairtí.


Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:


Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?


Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.


Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d'iompaigh sí ón Tiarna.”


Cúisigí bhur máthair, cúisigí í! Mar ní hí mo bhean chéile í a thuilleadh, ná ní mó is mise a fear. Tógadh sí comharthaí a striapachais óna haghaidh, agus suaitheantais a hadhaltranais ó lár a cíoch,


Ní bheidh trua agam dá clann, mar is clann striapachais iad.


Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.


A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?


Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.


“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?


Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.


Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí