Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 20:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 20:5
65 Tagairtí Cros  

Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: “Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.”


déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.


D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”


Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh.


Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n‑íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu - tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu.


Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.


Ach aon ní amháin - agus go maithe an Tiarna do do shearbhónta é - nuair a théann mo mháistir go teampall Rimeon le hadhradh a dhéanamh ann, luíonn sé ar mo ghéag agus cromaim síos i dteampall Rimeon [nuair a dhéanann seisean]. Go maithe an Tiarna an beart seo do shearbhónta.”


Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.


Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.


Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m'aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,


Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.” Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!


“Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.


Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreacha agus nár scriostar peaca a mháthar amach.


Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.


Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear; go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.


chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.


Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.


Ná hadhair aon dia eile, óir An tÉadmhar is ainm don Tiarna; is Dia éadmhar é.


Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.”


Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.


Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”


Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibh an Tiarna a labhraíonn - agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.


Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!


“Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.


“Cad chuige a n‑aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael: D'ith a n‑aithreacha caora searbha; agus tá déistin ar fhiacla na clainne?


Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.


“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.


Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.


tabharfaidh mé aghaidh air féin agus ar a threibh, agus gearrfaidh mé amach ona bpobal iad - é féin agus cách a leanann é ag déanamh striapachais i ndiaidh Mhoilic.


Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.


Íosfaidh sibh feoil bhur mac féin agus íosfaidh sibh feoil bhur n‑iníonacha féin.


Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.


‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’


Ach maidir libhse, titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo agus beidh bhur gclann ina n‑aoirí san fhásach ar feadh daichead bliain, ag iompar ualach bhur mídhílseachta go sínfear an duine deireanach díbh marbh san fhásach.


“Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta.


“Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.”


“Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.


Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.


D'fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?”


béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, drochbheartach agus easumhal do thuismitheoirí;


Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é;


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n‑íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.


Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach, agus go dtéim i mbun cúis na córa, déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde, agus díolfaidh mé an comhar le lucht m'fhuatha.


Tine amplach é an Tiarna bhur nDia, agus Dia éadmhar.


ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.


Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,


Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; d'fhéadfadh a fhearg lasadh i d'aghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne.


ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.


A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.


Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”


ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.


Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí.


Nuair a d'fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d'fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n‑aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí