1 Ríthe 18:21 - An Bíobla Naofa 198121 Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 ¶ Agus tháinic Elias chum an phobuil uile, agus a dubhairt sé, Cá fad bheithíse bacach idir dhá bharamhuil? má sé an TIGHEARNA as Día, leanuidh é: achd má se Baal, leanuidh é sin. Agus níor fhregair an pobal éanfhocal dó. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”