Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 18:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ann sin a dubhairt Elias ris an bpobal, Misi, misi féin amhaín mhairios dfáighibh an TIGHEARNA; acht atáid fáighe Bhaal ceithre cheúd agus caógad fear.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 18:22
13 Tagairtí Cros  

Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi.


D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


D'fhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘An bhfaca tú an t‑arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.’ ”


Chuireadar sacéadach faoina gcoim dá bhrí sin, agus téada ar a gceann agus chuadar amach go rí Iosrael agus dúradar: “Deir do shearbhónta Bein Hadad: ‘Déan anacal anama orm.’ ” “An beo dó fós más ea?” ar sé, “is é mo bhráthair é.”


Ar ordú an Tiarna dúirt duine de bhráithreas na bhfáithe le compánach dá chuid: “Buail mé!” ach dhiúltaigh an fear é a bhualadh.


D'imigh an fáidh ansin agus sheas ar an mbóthar ag feitheamh leis an rí, é i mbréagriocht agus cafairrín ar a shúile.


“A Thiarna, mharaigh siad do chuid fáithe, leag siad d'altóirí ar lár, níor fágadh ach mé féin agus tá siad ar thóir m'anama.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí