Matha 11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XI. A dheisgiobuil ag Eóin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na Iúdaigh dh’á gcáineadh ag Críost mar gheall ar na creidfidís, agus na daoine d’á nglaodhach chuige a mhothuighid ualaí troma bheith ortha. 1 Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin. 2 Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis: 3 An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 4 Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair; 5 Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh. 6 Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa. 7 Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith? 8 Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín. 9 Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh. 10 Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat. 11 Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean. 12 Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é. 13 Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin. 14 Agus má’s áil libh a ghlacadh, isé Elias é atá le teacht. 15 An t-é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé. 16 Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h-aos óg ’n-a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: Agus ’ghá rádh: 17 Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. 18 Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann. 19 Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn féin. 20 Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrachaibh ionar h-oibrigheadh an chuid ba mhó d’á chómhachtaibh, toisg nár dheineadar aithrighe: 21 Mairg duit, a Chorosain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh. 22 Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se. 23 Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so. 24 Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom ’ná agat-sa. 25 Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh. 26 Iseadh, a Athair; óir sin mar a bhi taithneamhach ad’ láthair-se. 27 Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh’fhoillsiú dhó. 28 Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoiseamh oraibh. 29 Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; agus gheobhaidh sibh suaimhneas d’bhúr gcroidhthibh. 30 Óir is suairc mo chuing-se agus is éadtrom m’ualach. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society