Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 San am sin d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhollsigh tú iad do leanbháin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Do fhreagair Iósa a nuáirsin agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas dhuit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, ar son gur fholuigh tú ná neithese ó dháonibh eagnuidhe agus tuigseanacha, agus gur nocht tú íad do leanbaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:25
40 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.


Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?


Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se.


Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.


Ansan do tógadh an chloch. Agus d’fhéach Íosa suas agus dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom.


Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo.


A Athair, dein t’ainim do shoillsiú. Ansan do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus soillseóchad airís é.


Dia, a dhein an domhan agus gach a bhfuil ann, ó ’sé Tighearna neimhe agus talmhan é, ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh a deineadh le lámhaibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí