Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 San am sin d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhollsigh tú iad do leanbháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Do fhreagair Iósa a nuáirsin agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas dhuit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, ar son gur fholuigh tú ná neithese ó dháonibh eagnuidhe agus tuigseanacha, agus gur nocht tú íad do leanbaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:25
40 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Is aoibhinn duit, a Shíomóin mhic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’fhoillsigh duit é, acht m’Athair‐se atá ar neamh.


Agus adubhairt Íosa leo, Do‐chluinim: nár léigheabhar riamh, As béal leanbh agus naoidheanán cíche fuarais moladh iomlán?


g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar.


Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.


Agus do thógadar an leac. Agus d’fhéach Íosa i n‐áirde, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom.


Anois atá buaidhirt anma orm; agus créad adéarfad? A Athair, fuascail mé ó’n uair seo. Acht chuige seo is eadh tháinig mé chum na h‐uaire seo.


A Athair, glóirigh t’ainm. Annsin tháinig guth ó neamh, Do ghlóirigheas cheana é, agus glóireochad arís é.


An Dia do‐rinne an domhan agus a bhfuil ann, ó’s é Tighearna neimhe agus talmhan é, ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh do‐rinneadh le lámhaibh;


Acht do nocht Dia dhúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduigheann an Spiorad an uile nidh, go fiú neithe doimhne Dé.


acht do bhí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léighte an tseantiomna, fanann an folach céadna gan tógáil: folach atá curtha ar neamh‐nidh i gCríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí