Matha 11 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, dʼfhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha. Teachtairí ó Eoin Baiste 2 Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, 3 dá rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?” 4 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil dá chloisteáil agus dá fheiceáil agaibh: 5 tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. 6 Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.” Eoin dá Mholadh: Díchreidmhigh dá gCáineadh 7 Le linn dóibh seo a bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach dá suaitheadh ag an ngaoth? 8 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. 9 Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Is ea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. 10 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’ 11 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i Ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. 12 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean dá dhéanamh ar Ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. 13 Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin, 14 agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. 15 An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé! 16 “Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe 17 dá rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n-ucht.’ 18 “Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’ 19 Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.” Na Cathracha nár Chreid 20 Thosaigh sé ansin ag tabhairt achasáin do na cathracha ina ndearnadh an chuid is mó dá mhíorúiltí, i dtaobh nach ndearna siad aithrí: 21 “Is mairg duit, a Chorazain! Is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach. 22 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón lá an bhreithiúnais ná agaibh-se. 23 Agus tusa, a Chafarnáúm, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hIfreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodam a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu. 24 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodam lá an bhreithiúnais ná agat-sa.” An Soiscéal dá Fhoilsiú do Lucht na hUirísle 25 San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. 26 Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. 27 Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó. 28 “Tagaigí chugam, sibh-se uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. 29 Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugam-sa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha; 30 óir tá mo chuing so-iompair agus mʼualach éadrom.” |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.