Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, nuair do chríochnuigh Íosa múineadh a dháréag deisceabal, gur imthigh sé as an áit sin chum teagasc agus craobhscaoileadh do dhéanamh ’n‐a gcathrachaibh‐sean.

2 Agus nuair do‐chuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaobh a ndearna an Críost, do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh,

3 g‐á fhiafraighe dhe, An tusa an té atá le teacht, nó an gcaithfimíd feitheamh le duine éigin eile?

4 Agus adubhairt Íosa leo g‐á bhfreagairt, Imthighidh, agus innsidh d’Eoin na neithe do‐chluin, agus do‐chí sibh:

5 atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.

6 Agus is beannuighthe an té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnam‐sa.

7 Agus nuair do bhí siad‐san imthighthe, do thosnuigh Íosa ar a rádh leis na sluaightibh i dtaobh Eoin, Cad é go ndeachaidh sibh amach sa bhfásach le n‐a fheicsin? giolcach d’á luascadh le gaoith?

8 Acht cad é go ndeachaidh sibh amach le n‐a fheicsin? Fear agus éadaighe míne air? Féach, lucht an éadaigh mhín is i dtighthibh na ríogh bhíd‐sean.

9 Acht cad chuige a ndeachaidh sibh amach? Chum fáidh d’fheicsin? Go fírinneach adeirim libh, gur mó é ’ná fáidh?

10 Is é seo an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, atáim ag cur mo theachtaire ar m’aghaidh rómham, Agus ullmhóchaidh seisean do bhealach rómhat.

11 Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean.

12 Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach.

13 Óir do‐rinne na fáidhe go léir agus an dlighe fáidheadóireacht go dtí Eoin.

14 Agus, má’s maith libh a ghlacadh, is é seo Élias atá le teacht.

15 An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

16 Acht cia le n‐a samhlóchad an díne seo? Is cosmhail í le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áiteannaibh margaidh, ag glaodhach ar a chéile,

17 agus g‐á rádh, Do sheinneamar ar an bhfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar rinnce; do chaoineamar daoibh, agus ní dhearnabhar gol.

18 Óir tháinig Eoin gan bheith ag ithe ná ag ól, agus adeirid, Atá deamhan ann.

19 Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus is é adeirid, Féach an duine craosach, agus póitire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Acht cheana is le n‐a gníomharthaibh fíorthar an eagna.

20 Annsin do thosnuigh sé ar mhilleán do thabhairt do na cathrachaibh i n‐a ndearnadh furmhór a ghníomhartha éachtach, toisc nach ndearnadar aithrighe.

21 Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith.

22 Acht adeirim libh, gur sócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin é, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhaoibh‐se.

23 Agus tusa, a Chafarnaúim, an suas go neamh árdóchar thú? síos go h‐ifreann ísleochar thú: óir dá ndéantaidhe i Sodom na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnat‐sa, d’fhanfadh sé ann go dtí an lá so.

24 Acht adeirim libh, gur saoráidighe do dhúthaigh Shodoim, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhuit‐se.

25 Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:

26 is eadh, a Athair, mar ba é sin do dheagh‐thoilse.

27 Atá gach uile nidh tabhartha dhamh‐sa ag m’Athair: agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Mac, acht ag an Athair; agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Athair acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a fhoillsiú dhó.

28 Tigidh chugam‐sa, sibh uile ar a bhfuil duadh agus trom‐ualach, agus do‐bhéarfad fionnfhuaradh dhaoibh.

29 Tógaidh mo chuing‐se oraibh, agus foghlaimidh uaim, óir atáim ceannsa agus umhal im’ chroidhe: agus do‐gheobhaidh sibh faoiseamh d’bhúr n‐anmannaibh.

30 Óir is mín mo chuing‐se, agus is éadtrom m’ualach.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí