Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adubhairt Íosa leo g‐á bhfreagairt, Imthighidh, agus innsidh d’Eoin na neithe do‐chluin, agus do‐chí sibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Imigí agus insígí dʼEoin a gcluineann sibh agus a bhfeiceann sibh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Imthighidh agus innisigh Déoin na neithe do chluinntí agus chithí:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil dá chloisteáil agus dá fheiceáil agaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:4
7 Tagairtí Cros  

g‐á fhiafraighe dhe, An tusa an té atá le teacht, nó an gcaithfimíd feitheamh le duine éigin eile?


atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.


Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine bacacha aca, agus daill, agus balbháin, agus mairtínigh, agus mórán eile, agus do chuireadar síos ag a chosaibh iad;


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.


Creididh uaim go bhfuilim‐se san Athair, agus go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa: nó, an chuid is lugha dhe, creididh mé mar gheall ar na h‐oibreachaibh féin.


Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí