Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 faigheann na daill a radharc agus tá na ciothramaigh ag siúl, glantar na lobhair agus cluineann na bodhráin, tógtar na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do na boicht.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Tá radharc ag na daill, tá siubhal ag na bacaigh, glantar na lobhair, tá éisteacht ag na bodhair, éirigheann na mairbh, agus tá an soiscéal dá theagasc do na bochta;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do gheibhid na doill a radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul da sheanmóir do na bochdaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:5
41 Tagairtí Cros  

Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce.


Agus adubhairt Íosa leo g‐á bhfreagairt, Imthighidh, agus innsidh d’Eoin na neithe do‐chluin, agus do‐chí sibh:


Annsin adeir sé leis an duine, sín amach do lámh. Agus do shín; agus d’éirigh sí chómh slán leis an láimh eile.


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad.


Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.


Agus do foscladh a súile. Agus thug Íosa foláireamh dhoibh, g‐á rádh, Tabhraidh aire gan a fhios sin do bheith ag aoinneach.


Agus do bhí iongnadh an‐mhór ortha, agus adubhradar, Do‐rinne sé gach uile nidh go maith: do‐bheir sé éisteacht do bhodhránaibh, agus cainnt do bhalbhánaibh.


Agus nuair do chonnaic Íosa go raibh sluagh mór daoine ag rith chuige, do smachtuigh sé an spioraid neamh‐ghlan, ’g‐a rádh leis, A spioraid bhalbh, bhodhar, órduighim‐se dhuit, tar amach as, agus ná téighir isteach ann arís.


Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,


D’fhreagair Íosa dhóibh, D’inniseas daoibh é, agus ní chreideann sibh: na h‐oibreacha do‐ghním i n‐ainm m’Athar, do‐ghní siad sin fiadhnaise dhom.


Acht má ghním iad, muna gcreideann sibh mise, creididh na h‐oibreacha: ionnas go mbéidh a fhios agaibh agus go dtuigfidh sibh go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa, agus go bhfuilim‐se san Athair.


Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do chreid móran ’n‐a ainm, ó do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé.


tháinig seisean chum Íosa san oidhche, agus adubhairt sé leis, A Rabbí, atá a fhios againn gur múinteoir tháinig ó Dhia thú: óir ní féidir go ndéanfadh aon duine na míorbhailtí ghníos tusa, gan Dia bheith leis.


Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé.


agus adubhairt sé leis, Imthigh, nigh i lochán Shílóam (chialluigheas, Curtha). D’imthigh sé, mar sin, agus do nigh, agus d’fhill sé agus a radharc aige.


A phobail Israel, éistidh leis na briathraibh seo: Íosa Nasardha, duine do mhol Dia dhaoibh leis na cumhachtaibh, agus leis na míorbhailtibh, agus leis na cómharthaibh, do‐rinne Dia tríd ’n‐bhúr measc, mar is eol daoibh féin;


Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí