Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 faigheann na daill a radharc agus tá na ciothramaigh ag siúl, glantar na lobhair agus cluineann na bodhráin, tógtar na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do na boicht.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Tá radharc ag na daill, tá siubhal ag na bacaigh, glantar na lobhair, tá éisteacht ag na bodhair, éirigheann na mairbh, agus tá an soiscéal dá theagasc do na bochta;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do gheibhid na doill a radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul da sheanmóir do na bochdaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:5
41 Tagairtí Cros  

Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.


Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair;


Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sin amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad.


Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas.


Agus do h-osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne.


Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhodhar agus caint do’n bhalbh.


Agus do sgread sé, agus d’oibrigh sé é go h-ana-dhian, agus d’imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh.


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


D’fhreagair Íosa iad: Táim ’ghá innsint daoibh, agus ní chreideann sibh é. Na h-oibreacha atá agam ’á dhéanamh i n-ainim mh’Athar, tá fiadhnaise acu ’á dhéanamh dom.


Ach má dheinim, mura maith libh mise chreideamhaint, creididh na h-oibreacha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh an t-Athair a bheith ionam-sa agus mise sa n-Athair.


Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh.


Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.


Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreacha gur thug m’Athair dom iad le déanamh, na h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadhnaise am’ thaobh gur b’é an t-Athair a chuir uaidh mé.


Agus dubhairt sé leis: Imthigh agus nigh i lochán Silóé, (a míníghthear: Teachtaire). D’imthigh sé agus do nigh, agus tháinig sé thar n-ais agus radharc aige.


A fheara Israéil, éistidh leis na bhréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí