Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Matha 11 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil XI Cuireann Eoin a dheisciobail chuig Críost. Cáineann Críost díchreideamh na n-Iúdach, agus goireann sé chuige na daoine a mbíonn ualaighe ag goillstin ortha.

1 Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa múineadh a dháréag deisciobal, gur imthigh sé as sin a theagasc agus a sheanmóireacht ina gcathracha.

2 Agus nuair a chuala Eoin, agus é gaibhte, fá oibreacha Chríost, chuir sé beirt dá dheisciobail chuige, gur dhubhairt leis:

3 An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?

4 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh.

5 Tá radharc ag na daill, tá siubhal ag na bacaigh, glantar na lobhair, tá éisteacht ag na bodhair, éirigheann na mairbh, agus tá an soiscéal dá theagasc do na bochta;

6 Agus is beannuighthe an té nach bhfaighidh scainneal ionnam-sa.

7 Agus nuair a bhí siad-san ag imtheacht, thoisigh Íosa a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith?

8 Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fear gléasta i n-éadaighe míne? Féach, is i dtighthe na ríogh a bhíos lucht an éadaigh mhín.

9 Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fáidh? Is eadh, adeirim libh, agus duine is mó ná fáidh.

10 Óir is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha fá dtaoibh de: Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat.

11 Amén adeirim libh, níor éirigh eadar chlanna ban aoinneach is mó ná Eoin Baiste; acht is mó ná é an té ar lugha é i ríoghacht na bhflaitheas.

12 Agus ó laethe Eoin Baiste go dtí anois tá foiréigean dá dhéanamh ar ríoghacht na bhflaitheas, agus is iad lucht fhoiréigin atá ghá fuadach.

13 Óir rinne na fáidhe uilig agus an dlighe fáidheadóireacht go dtí Eoin.

14 Agus má’s toil libh a thuigsin, is é seo Elías a bhí le theacht.

15 An té a bhfuil cluasa chun éisteachta air, éisteadh sé.

16 Cá leis, mar sin, a samhlóchaidh mé an ghlúin seo? Is cosamhail iad le páistí ina suidhe i láthair an mhargaidh, a scairteas le n-a gcomrádaidhthe,

17 Agus a deir: Rinneamar ceol díbh, agus ní dhearna sibh damhsa; rinneamar caoineadh, agus ní dhearna sibh mairgneach.

18 Óir tháinic Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad: Tá deamhan ann.

19 Tháinic Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir siad: Féach, sin agaibh duine craosach agus póitire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus fuair an eagna a saoradh tré n-a cloinn féin.

20 Annsin thoisigh sé a lochtadh na gcathrach ina ndearnadh an chuid ba mhó dá mhíorbhailte, de bhrígh nach ndearna siad aithrighe.

21 Is mairg duit, a Chorosáin, agus is mairg duit, a Bhethsaida, óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-sé, bhéadh aithrighe déanta acu i bhfad ó shoin i n-éadach róin agus i luaith.

22 Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag Tior agus ag Sídoin ar lá an bhreitheamhnais, thar mar bhéas agaibh-se.

23 Agus tusa, a Chapharnaum, an amhlaidh a árdóchar go neamh thú? Rachaidh tú síos go h-ifreann. Óir dá ndéantaí i Sodom na míorbhailte a rinneadh ionnat-sa, b’fhéidir go mairfeadh sé go dtí an lá atá indiu ann.

24 Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag tír Shodoim ar lá an bhreitheamhnais thar mar bhéas agat-sa.

25 San am sin d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhollsigh tú iad do leanbháin.

26 Seadh, a Athair, de bhrígh gurbh í sin do dhéagh-thoil.

27 Tá na h-uile neithe tugtha damh-sa ag m’Athair. Agus ní h-aithnid d’aoinneach an Mac acht an t-Athair, agus ní h-aithnid d’aoinneach an t-Athair acht an Mac, agus an té ar thoil leis an Mhac a nochtadh dó.

28 Taraigidh chugam-sa, sibh-se uilig a bhíos tuirseach ag obair agus faoi ualach throm, agus bhéarfaidh mé faoiseamh díbh.

29 Árduighigidh mo chuing-se oraibh, agus foghlaimigidh uaim, óir tá mé ceannsa, agus uiríseal i gcroidhe, agus gheobhaidh sibh suaimhneas do bhur n-anmanna,

30 Óir is séimh í mo chuing, agus is éadtrom é m’ualach.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí