Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Deirim libh go fíor nach raibh mac ag máthair riamh a ba mhó ná Eoin Baiste; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Amén adeirim libh, níor éirigh eadar chlanna ban aoinneach is mó ná Eoin Baiste; acht is mó ná é an té ar lugha é i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i Ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:11
31 Tagairtí Cros  

Is é seo an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, atáim ag cur mo theachtaire ar m’aghaidh rómham, Agus ullmhóchaidh seisean do bhealach rómhat.


Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach.


Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea,


Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,


Ar an adhbhar sin, cibé duine bhrisfeas aithne amháin de na h‐aitheantaibh seo is suaraighe, agus mhúinfeas na daoine mar sin, glaodhfar air an duine is lugha i ríoghacht na bhflaitheas: acht cibé duine do‐ghéanas agus mhúinfeas iad, do‐bhéarfar duine mór air i ríoghacht na bhflaitheas.


Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar.


Adeirim libh, Ar a rugadh ó mhnáibh ní fhuil aoinneach is mó ’ná Eoin; acht cheana an té is lugha i ríoghacht Dé is mó é ’ná eisean.


agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige an leanbh beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ghlacfas mise chuige, glacann sé chuige an té do chuir uaidh mé: óir an té is lugha eadraibh uile, is é is mó.


Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham.


an té atá ag teacht im’ dhiaidh‐se, nach fiú mise oiread agus iall a bhróige do scaoileadh.


Agus tháinig a lán daoine chuige; agus adubhradar, Ní dhearna Eoin míorbhail ar bith: acht gach a ndubhairt Eoin i dtaobh an fhir seo, do b’fhíor é.


Caithfidh seisean dul i dtreise acht caithfidh mise dul i laighead.


Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas.


Acht is i dtaobh an Spioraid do bhí le glacadh aca‐san do chreidfeadh ann, adubhairt sé an méid sin: óir do bhí an Spiorad gan bronnadh fós; de bhrigh go raibh Íosa gan glóiriú fós.


Óir is mise an té is lugha de na h‐abstalaibh, nach fiú mé ainm abstail do thabhairt orm, de bhrigh go ndearnas géirleanmhain ar eaglais Dé.


Uime sin, má tá neithe de’n tsaoghal so le breathnú agaibh, cad chuige dhaoibh daoine nach bhfuil meas na h‐eaglaise ortha do chur ag tabhairt breitheamhnais?


Do chaitheamair‐ne, leis, ár saoghal tráth ’n‐a measc do réir ainmhianta na feola, ag cleachtadh tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúthchais do bhíomar ’n‐ár gclainn díbheirge, ar nós daoine eile:


Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;


acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal,


óir do bhí nidh dob’ fhearr curtha i n‐áirithe ag Dia dhúinne, chum nach bhfoirbhfidhe iad gan sinne bheith leo.


Na fáidhe do rinne tarngaireacht fá’n ngrása do bhí le teacht chugaibh, d’fhiosruigh agus do chuarduigh siad go dícheallach i dtaobh an tslánuighthe úd:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí