Matha 11:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)11 Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)11 Deirim libh go fíor nach raibh mac ag máthair riamh a ba mhó ná Eoin Baiste; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara11 Amén adeirim libh, níor éirigh eadar chlanna ban aoinneach is mó ná Eoin Baiste; acht is mó ná é an té ar lugha é i ríoghacht na bhflaitheas. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)11 Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201211 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i Ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198111 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. Féach an chaibidil |