Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus ó laethe Eoin Baiste go dtí anois tá foiréigean dá dhéanamh ar ríoghacht na bhflaitheas, agus is iad lucht fhoiréigin atá ghá fuadach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean dá dhéanamh ar Ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:12
11 Tagairtí Cros  

Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean.


Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin.


Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d’iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é.


An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.


Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor-uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air.


Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí