Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Is é seo an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, atáim ag cur mo theachtaire ar m’aghaidh rómham, Agus ullmhóchaidh seisean do bhealach rómhat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach, a réiteos do shlí romhat.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Óir is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha fá dtaoibh de: Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:10
10 Tagairtí Cros  

Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean.


g‐á fhiafraighe dhe, An tusa an té atá le teacht, nó an gcaithfimíd feitheamh le duine éigin eile?


Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se, Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach.


Mar atá scríobhtha ag Ésáias fáidh, Féach, cuirim rómhat mo theachtaire Ullmhóchas do shlighe rómhat.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí