Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Acht cad chuige a ndeachaidh sibh amach? Chum fáidh d’fheicsin? Go fírinneach adeirim libh, gur mó é ’ná fáidh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Cad chuige mar sin a ndeachaigh sibh amach? Le fáidh a fheiceáil? Is ea, agus ní is mó, deirim libh, ná fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fáidh? Is eadh, adeirim libh, agus duine is mó ná fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach da fhéuchain? Fáidh? a deirim ribh go deimhin, an ní as mó ná fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Is ea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:9
9 Tagairtí Cros  

Acht cad é go ndeachaidh sibh amach le n‐a fheicsin? Fear agus éadaighe míne air? Féach, lucht an éadaigh mhín is i dtighthibh na ríogh bhíd‐sean.


Agus nuair ba mhian leis a chur chum báis, do bhí eagla an phobail air, óir ba é a dtuairim gurbh fáidh é.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí