Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 “Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Is mairg duit, a Chorosáin, agus is mairg duit, a Bhethsaida, óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-sé, bhéadh aithrighe déanta acu i bhfad ó shoin i n-éadach róin agus i luaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Mairg duit, a Chorosain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 “Is mairg duit, a Chorazain! Is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 “Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:21
31 Tagairtí Cros  

Acht adeirim libh, gur sócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin é, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhaoibh‐se.


Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus do chuaidh sé isteach i gcríochaibh Thuire agus Shídóine.


Is mairg do’n tsaoghal mar gheall ar na scannalaibh! ní foláir do na scannalaibh teacht; acht cheana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal!


Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh.


agus ó Iúdaea, agus ó Iarúsalem, agus ó Idúmaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán, agus daoine as ceanntar Thuire agus Shídóine, thángadar ’n‐a sluagh mór chuige, nuair do‐chualadar tuairisc na ngníomh mór do bhí déanta aige.


Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar a dheisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe trasna go Bétsáida, fad is do bhéadh sé féin ag cur an tsluaigh chum bealaigh.


Agus d’éirigh sé, agus d’imthigh sé go críochaibh Tuire agus Sídóine. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios do bheith ag aoinneach: acht níor fhéad sé é féin do cheilt.


Agus d’fhill sé arís ó chríochaibh Tuire, agus tháinig sé tré Shídóin go muir Ghalilé, tré lár ceanntair an Decapolis.


Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air.


acht ní chum aoinne aca‐san do cuireadh Élias, acht amháin chum mná do bhí ’n‐a baintreabhaigh i Sarepta na Sídóine.


agus tháinig sé anuas i n‐éinfheacht leo, agus do sheas sé ar áit réidh, agus sluagh mór d’á dheisceablaibh, agus liacht mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐bhórd Thuire agus Shídóine, daoine tháinig chum go n‐éistfidís leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair;


Agus nuair d’fhill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raibh déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do chuaidh sé go h‐áit ar leith, go cathair ar a dtugtar Bétsáida.


Agus as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib.


tháinigh siad‐san chum Philib, fear as Bésáida na Galilé, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, A dhuine uasail, ba mhaith linn Íosa d’fheicsin.


Agus do bhí mí‐ghreann mór air chum muinntire Tuire agus Sidóine: agus tháinig siad de thoil a chéile chuige, agus ag déanamh caradais dóibh le Blastus seomradóir an ríogh, d’éiligheadar síothcháin air, toisc a ndúthaigh bheith d’á cothú ó dhúthaigh an ríogh.


Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin thángamar go Sidón: agus bhí Iúlius cineálta le Pól, agus thug sé cead dó dul fá thuairisc a charad agus sócamhal d’fhágháil uatha.


Mairg dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chuadar ar mearbhall ar nós Bhaláaim ar son tuarastail, agus do cailleadh iad i méirleachas Chóré.


Agus do‐bhéarfad de chead dom’ bheirt fhiadhnaidhe tarngaireacht do dhéanamh ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá, agus éadach róin mar chlúdach ortha.


Agus nuair d’fhoscail sé an séamhadh séala, do dhearcas, agus do bhí crioth mór talmhan ann; agus d’éirigh an ghrian chómh dubh le h‐éadach róin, agus d’éirigh an ghealach lán cosmhail le fuil;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí