Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Mairg duit, a Chorosain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 “Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Is mairg duit, a Chorosáin, agus is mairg duit, a Bhethsaida, óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-sé, bhéadh aithrighe déanta acu i bhfad ó shoin i n-éadach róin agus i luaith.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 “Is mairg duit, a Chorazain! Is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 “Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:21
31 Tagairtí Cros  

Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se.


Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin.


Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an sgannal d’á dhruím.


Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.


Agus a’ Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó’n dtaobh thall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha.


Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail.


Agus d’eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt.


Agus chuaidh sé amach airís a’ críchibh Tuíre, agus tháinig sé tré Shídón go muir Ghaililí, tré lár críche Decapolis.


Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige dall, agus d’iarradar air lámh a chur air.


Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireadh Elias ach ag triall ar an mnaoi a bhí ’n-a baintrigh i Sarepta Shidónia.


Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige,


Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida.


Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib.


Thánadar san ag triall ar Philib, an fear ó Bhetsaida Gaililí, agus d’iarradar nídh air agus dubhradar: A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa dh’fheisgint.


Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a chéile, ag triall air, agus dheineadar muinntearthas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar siothcháin, toisg a dtír féin a bheith d’á chothú ó’n rí.


Thánamair an lá ’n-a dhiaidh san go Sídón. Agus bhí Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé dhó dul chun a cháirde agus aire thabhairt dó féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí