Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht adeirim libh, gur sócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin é, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhaoibh‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag Tior agus ag Sídoin ar lá an bhreitheamhnais, thar mar bhéas agaibh-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón lá an bhreithiúnais ná agaibh-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:22
22 Tagairtí Cros  

Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.


Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith.


Acht adeirim libh, gur saoráidighe do dhúthaigh Shodoim, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhuit‐se.


Agus adeirim‐se libh, Gach focal díomhaoin labharfas daoine, caithfidh siad cunntas do thabhairt ann, lá an bhreitheamhnais.


Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se.


cionnas éalóchaimíd‐ne má dhéanaimíd faillighe i slánughadh chómh mór sin? do fógruigheadh ar dtús tríd an Tighearna, agus do dearbhuigheadh dhúinn tré na daoinibh do chuala é;


is eol do’n Tighearna cionnas na fíréin do thabhairt slán as cathuighthibh, agus na neimh‐fhíréin do chongbháil fá phionós fá chómhair lae an bhreitheamhnais;


gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha.


Is mar sin curtar a ghrádh i gcrich ionnainn, chum go mbéidh uchtach againn i lá an bhreitheamhnais; de bhrigh go mbímíd san tsaoghal mar bhíonn seisean.


Agus do chonnacas righ‐chathaoir mhór, gheal, agus an té do bhí ’n‐a shuidhe innti, gur theich an talamh agus neamh ó n‐a ghnúis; agus ní raibh áit le fágháil dóibh.


Agus do chonnacas na mairbh, idir bheag agus mhór, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach; agus do foscladh na leabhair: agus do foscladh leabhar eile, is é leabhar na beathadh é: agus tugadh breitheamhnas ar na marbhaibh as a raibh scríobhtha ins na leabhraibh, do réir a ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí